"Buiséad atá inchurtha lenár nUaillmhian" - speech given at the conference "Shaping our Future" (8.1.2018)

Source: G.H. (Günther) Oettinger i, published on Monday, February 19 2018.

Dá réir sin, níl sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil do na deich mbliana atá romhainn ach cuid amháin den bhosca uirlisí atá faoina láimh ag an Aontas chun dul i bhfeidhm ar an todhchaí. Ach is tábhachtach an chuid é. Dála cumarsáide agus rialacha, is féidir linn treochlár a leagan síos don Eoraip sna deich mbliana atá romhainn leis na hacmhainní airgeadais againn ar bhonn na dlúthpháirtíochta idir 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh.

Ach caithfimid aghaidh a thabhairt ar dtús ar dhá thacar ceisteanna ríthábhachtacha: ceisteanna ábhartha agus ceisteanna foirmiúla. Ba mhaith liom thart ar dhá sheasamh déag shealadacha a chur faoi bhur mbráid inniu, seasaimh atá á bplé sa Choimisiún Eorpach faoi láthair agus iarraim oraibh bhur n-aiseolas ina dtaobh a thabhairt dúinn. Is seasaimh shealadacha iad uile agus má tá a sárú d'argóintí nó de thuairimí agaibh ba mhór againn iad a chloisteáil agus iad a chomhtháthú i dtogra an Choimisiúin, togra atá le glacadh i mí na Bealtaine i mbliana.

(Dhá bhearna airgeadais)

Tá dhá bhearna airgeadais romhainn: Bearna amháin ar gach taobh den bhuiséad: taobh an ioncaim agus taobh an chaiteachais. Tá an Ríocht Aontaithe ag imeacht as an Aontas Eorpach, mo léan, agus is é sin is cúis leis an mbearna ar thaobh an ioncaim. Tá ranníocóir glan ag imeacht uainn agus ciallaíonn sin go mbeidh orainn aghaidh a thabhairt ar bhearna airgeadais struchtúrach measta a bheith idir EUR 12 billiún agus EUR 13 billiún in aghaidh na bliana tar éis idirthréimhse atá faoi chaibidil faoi láthair ag an bpríomh-idirbheartaí Michel Barnier. Ina theannta sin, tá bearna romhainn ar thaobh an chaiteachais toisc go mbeidh orainn tuilleadh cúraimí nua a dhéanamh nárbh fhéidir foráil go hiomlán maidir leo sna blianta 2011, 2012 agus 2013, cúraimí ar féidir déileáil níos fearr leo ar an leibhéal Eorpach nó nach féidir déileáil leo ar chor ar bith ach amháin ar an leibhéal Eorpach: an sceimhlitheoireacht a chomhrac, an tslándáil inmheánach agus sheachtrach, rialú teorainneacha, infheistíocht sa chosaint agus sa taighde ar chosaint ar mhaithe leis na cáiníocóirí agus na saoránaigh agus mórthionscadail taighde ar mhaithe lenár n-iomaíochas sa ré dhigiteach a fheabhsú. Ní mór an méid sin go léir a mhaoiniú.

(An dá bhearna sin a líonadh: Coigilteas agus airgead nua)

Anois dírímis ar an dá bhearna sin a líonadh. Níl inár seasaimh ar na ceisteanna seo ach seasaimh shealadacha go fóill, ach ba mhaith liom iad a chur faoi bhur mbráid inniu sa chaoi go mbeidh fhios agaibh cad í ár rogha cur chuige.

"Is féidir bearna Brexit a líonadh le cur chuige leath ar leath. Is é sin le rá gur cheart 50 % a chumhdach le coigilteas sa struchtúr buiséadach atá ann faoi láthair trí chláir atá ann cheana a chiorrú agus gur cheart 50 % eile a fháil trí "airgead nua" a fháil.

Maidir le cúraimí nua a thiocfaidh sa bhreis ar an méid a bhíomar a dhéanamh cheana, mholfainn cóimheas 20:80, is é sin le rá 20 % as coigilteas agus 80 % as airgead nua.

Creidim go bhfuil údar cuí leis sin, toisc gur ar mhaithe leis na Ballstáit a dhéanaimid na cúraimí sin agus ar an gcaoi sin go gcuidímid leo airgead a choigilt, mar a dhéanaimid i gcás an taighde ar an gcosaint. Tá fhios agam gurb iomarcach an méid é 80 % nó 50 % in airgead nua i dtuairim daoine áirithe ach nach leor é i dtuairim daoine eile.

Chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, ní mór dúinn oibriú d'aontoil. Tá comhaontú ó na 27 rialtas de dhíth - na 27 n-aire um ghnóthaí Eorpacha agus na 27 n-aire airgeadais - agus i gcás an chinnidh maidir le hacmhainní dílse, tá comhaontú na bparlaimintí náisiúnta de dhíth freisin. Beidh orthu go léir bheith ar aon toil. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh ar na rialtais agus na parlaimintí go léir a bheith solúbtha. Mura mbeidh scóip againn, ní thiocfaimid ar chomhréiteach agus ní bheidh aon Chreat Airgeadais ilbhliantúil againn. Ach dá n-éireodh linn teacht ar chomhaontú, ós rud é go bhfuil an Bhreatain ag imeacht go háirithe, thabharfadh sin le fios go bhfuil dea-rialachas i bhfeidhm san Aontas B'fhéidir gur díol suntais d'ár gcairde san Áis, sna Stáit Aontaithe agus don Uasal Erdogan, don Uasal Putin agus don Uasal Trump go bhfuilimid in ann gníomhú mar dhaonlathaigh agus ag an am céanna cinntí a dhéanamh d'aontoil. Má bhímid solúbtha is féidir teacht ar chomhréiteach.

Agus creidimid nár cheart dul i bhfiacha chun cúraimí nua a mhaoiniú. Mar threoirphrionsabal níor ceadaíodh don Aontas Eorpach dul i bhfiacha ón uair a bunaíodh é. Nílimid i bhfiacha agus níor cheart dúinn dul i bhfiacha. Ceist agam oraibh! Cad é an leibhéal fiachais i mBeirlín, Stuttgart, Vín, Páras nó sa Róimh? Saor ó fhiacha atáimid féin.

(Ciorruithe i mbuiséad an Aontais)

Más é atá uainn an dá bhearna a líonadh, beidh orainn ciorruithe a dhéanamh áit éigin eile. Sin é an fáth a ndearnamar "athbhreithniú ar chaiteachas" inar scrúdaíomar éifeachtúlacht gach cláir atá ann faoi láthair. Ní mór dúinn ciorruithe a chur i bhfeidhm ar fhormhór na gclár gan dochar a dhéanamh do na beartais atá againn cheana. Cén difear a dhéanfaidh sé sin don Chomhbheartas Talmhaíochta agus don Bheartas Comhtháthaithe? Is cuid thábhachtach den chéad Chreat Airgeadais ilbhliantúil eile faigheann siad thart thar ar 30 % den bhuiséad. Faoi láthair, faigheann siad os cionn 35 %.

“Tá dhá chlár nár mhaith linn a ghearradh siar ar chor ar bith toisc go bhfuil dlúthbhaint acu leis an óige agus an todhchaí. Ar thaobh amháin tá clár Erasmus+ don ghlúin óg. Ba mhaith linn níos mó daoine óga, mic léinn, lucht léinn nó fostaithe a thaisteal ar fud na hEorpa chun tuiscint a fháil ar chultúir, teangacha agus margaí saothair sna tíortha seo againne. Dá bharr sin, ba mhaith linn an t-airgead do Erasmus+ a mhéadú, in ionad é a laghdú. Is ionann an scéal don chlár taighde "Fís iar-2020"."

Chuige sin ba mhaith liom ceannteideal nua a mholadh do bhuiséad an Aontais: "An Todhchaí, an Nuálaíocht agus an Óige". I dtaca le struchtúir bhuiséadacha náisiúnta na mBallstát, is féidir na ceannteidil a thuiscint gan dua, mar atá cultúr, infreastruchtúr, leas sóisialach, an comhshaol, cosaint. Is iad ár gceannteidil 1a, 1b, 2, 3, 4 agus 5. Níl fhios ag an saol mór cad is bunús leis na ceannteidil bhuiséadacha atá againn faoi láthair. Táim deimhin de nach mór dúinn an buiséad go léir a shoiléiriú ionas gur fusa don phobal i gcoitinne é a thuiscint. Ba cheart na beartais agus na cuspóirí a léiriú faoi gach ceannteideal. Ar an gcaoi sin d'fhéadfaí Erasmus+, Fís, an cór dlúthpháirtíochta Eorpach agus na tionscadail go léir a bhaineann leis an óige agus an nuálaíocht a chumhdach faoi "An Todhchaí, an Nuálaíocht agus an Óige".

(Breisluach i mbuiséad an Aontais)

“Tá rún daingean againn freisin cláir nó tionscadail ar léir go bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo agus iad sin amháin a chur sa chreat airgeadais don todhchaí. Ní chaithfear oiread agus Euro amháin mura gcomhlíonfar na critéir."

Is pointe ríthábhachtach é seo dar liom féin. Creidim sa choimhdeacht agus i mo thuairim féin ní mór don Aontas Eorpach breisluach Eorpach soiléir a ghiniúint. Is fúinn féin a bheidh sé an téarma sin a shainmhíniú go beacht i dtéarmaí polaitiúla agus dlíthiúla as seo go ceann cúpla seachtain. Is fusa an breisluach Eorpach a fheiceáil i gcásanna áirithe ná a chéile. Sampla Uimhir 1: Rinneadh iarnród trasteorann ón Muir Dhubh feadh na Danóibe a leictriú. Is sampla maith é sin den bhreisluach Eorpach toisc gur infreastruchtúr trasteorann é a chuireann leis an tsaorghluaisteacht. Sampla Uimhir 2: Chun taighde a dhéanamh agus dul in iomaíocht le réigiúin eile ar domhan, tá trí shár-ríomhaire, b'fhéidir, de dhíth ar na pobail taighde san Aontas Eorpach, sár-ríomhairí atá ar na deich gcinn is fearr ar domhan, seachas 27 gcinn éagsúla. Is sampla maith é sin den bhreisluach Eorpach freisin.

(Comhtháthú de bharr breisluach Eorpach: Difríochtaí san olltáirgeacht intíre per capita

Le Sampla Uimhir a Trí ba mhaith liom sibh a spreagadh chun smaoinimh: Cad faoi iarnród a mhaoiniú chun Sóifia a nascadh leis an tuath sa Bhulgáir? An bhfuil breisluach sa mhéid sin don Aontas Eorpach? Nó don Bhulgáir amháin?

I mo thuairim féin, ba cheart dúinn féachaint ar olltáirgeacht intíre per capita. Is é EUR 16 000 in aghaidh na bliana an olltáirgeacht dhomhanda per capita. San Aontas Eorpach is é EUR 25 000 per capita é. I Lucsamburg is é EUR 103 000 é. In Éirinn EUR 62 000, sa tSualainn EUR 52 000, sa Ghearmáin EUR 42 000, sa Fhrainc EUR 38 000 agus sa Bhulgáir EUR 7 000. Dá bhrí sin, is é EUR 7 000 an olltáirgeacht intíre is ísle agus is é EUR 103 000 an olltáirgeacht intíre is airde. An éagsúlacht sin in olltáirgeacht intíre, déanann sé dochar as cuimse d'aontacht an phobail Eorpaigh. Dá bharr sin, ní mór dúinn na héagsúlachtaí sin a laghdú, is é sin tríd an leibhéal sa Bhulgáir a ardú seachas an leibhéal i Lucsamburg a ísliú.

Is iad na Ballstáit nua is fearr a léiríonn rath an bheartais comhtháthaithe. Ní beag an fhorbairt eacnamaíoch atá déanta acu agus tá cuid acu ag druidim le meán an Aontais. Níl fhios agam an mbeidh beartas um chomhtháthú de dhíth in 2050 ach is cinnte go mbeidh sé de dhíth as seo go ceann deich mbliana más é atá uainn a bheith iomaíoch agus rogha stuama a dhéanamh.

Cén fáth? Cuirim sampla eile faoi bhur mbráid: cathair Görlitz ar theorainn na Gearmáine agus na Polainne. Cathair fhíor-Eorpach is ea Görlitz i mo thuairimse. Cathair Bhoihéamach a bhí ann, faoi Karl IV; bhí sí faoi riail theach Lucsamburg freisin, faoi riail na Gearmáine agus ansin roinneadh ina dhá leath í: an leath Polannach agus an leath Gearmánach. Tar éis athaontú na Gearmáine, ar feadh breis agus 14 bliana, fuair an leath Gearmánach tacaíocht shubstaintiúil ón Iarthar agus bhí cuma an rathúnais ar an gceantar ó 1990 go 2004. Is tar éis don Pholainn dul isteach san Aontas a fuair an chuid thoir de chathair Görlitz atá suite sa Pholainn maoiniú faoi bheartas um chomhtháthú an Aontais. Tá feabhas mór ag teacht ar an gcathair ó shin ach beidh gá leis an gcomhtháthú go ceann roinnt blianta eile lena chinntiú nach ndéanfar dochar don mhéid atá déanta ná nach gcuirfear ó mhaith é. Léirítear le cás Görlitz go bhfuil éifeacht ag baint leis an mbeartas um chomhtháthú agus gur de réir a chéile a fheictear an éifeacht sin.

(Ní bhíonn i mbuiséad ach aistriú airgeadais.)

A dhaoine uaisle, creidim gur ceart do thíortha ar nós na Bulgáire leanúint de leas a bhaint as aistrithe airgeadais cliste. Sa Ghearmáin, is tuiscint sách diúltach atá ar "aontas na n-aistrithe". Táim i bhfabhar aistrithe cliste. Bíonn gach buiséad, bíodh sé áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, bunaithe a bheag nó a mhór ar aistrithe ó áit go chéile. Déanfaidh mé mo dhícheall a chinntiú nach mbeidh coincheap an ghlan-ranníocóra ar an gcloch is mó ar ár bpaidrín. An bhfuil fhios agaibh cén tír é an glan-ranníocóir is mó? Ní hí an Ghearmáin í. Is é Lucsamburg é i dtéarmaí per capita. Tá daoine sa Ghearmáin a chreideann gurb iad na glan-ranníocóirí is mó iad ach níl sin fíor. I dtéarmaí olltáirgeachta intíre per capita is é Lucsamburg an glan-ranníocóir is mó agus is iad an Bheilg agus an Danmhairg atá sa dara háit agus sa tríú háit faoi seach. Ina theannta sin, is é rud é go bhfilleann 70 % den mhaoiniú do chomhtháthú a chaitear sna Ballstáit nua ar gheilleagar na Gearmáine i bhfoirm orduithe ó thionscal na Gearmáine i ngach aon earnáil.

Ní mór dúinn a shoiléiriú nach bhfuil aon bhunús leis an argóint phobalach shuarach ina maítear nach bhfuil ann ach glan-ranníocóirí agus glantairbhithe nuair a chuirtear san áireamh an méid a fhaightear mar chúiteamh. San Eoraip, bainimid go léir leas as na caighdeáin chéanna ar an margadh inmheánach agus ar mhargaí na hEilvéise, na hIorua agus na dtíortha comhlacha Balcánacha. Sin é an fáth a bhfuil mé ag iarraidh sainmhíniú cliste ar cad is tairbhí ann.

(Cúraimí nua a mhaoiniú gan cur isteach ar sheanchúraimí)

Rud eile, tá idir chaiteachais thraidisiúnta agus chaiteachais nua ann.

Má shocraímid an méid a dhéanaimid d'imircigh a mhaoiniú le ciorrú ar an mbeartas um chomhtháthú cuirfimid leis na deighiltí atá sa phobal Eorpach. Agus is leor na deighiltí atá againn cheana...”

Ní mór dúinn beart níos cliste ná sin a dhéanamh. Is féidir linn ciorruithe réasúnta a dhéanamh - 5 % go 10 % - ach ina theannta sin tá airgead nua de dhíth chun déileáil leis an imirce, le bainistiú teorann agus beartas forbartha.

Is tarraingteach an áit í an Eoraip go fóill. Agus ní go sotalach teanntásach a deirim sin. I dtaca le caighdeáin mhaireachtála, daonlathas agus cearta daonna tá an Eoraip tarraingteach i gcomparáid lenár gcomharsanacht atá éagobhsaí go leor. Tá éagobhsaíocht shuntasach i ngarchomharsanacht na Gréige, na Bulgáire, na hIodáile agus na Spáinne. Táimid go léir freagrach as an Meánmhuir agus as an Meánoirthear, freagrach i gcomhpháirt le chéile. Ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile ansin. Sin é an beart is cliste.

A Dhaoine Uaisle,

“ ní bheidh 2% d'olltáirgeacht intíre na hEorpa de dhíth. Beagáinín le cois 1.1% Déarfainn go mbeidh 1.1x faoin gcéad de dhíth.”

Beagán le cois 1.1%. Cuidígí liom seasamh leis an argóint sin. Cuidígí liom caidreamh a dhéanamh leis na parlaimintí náisiúnta. As gach EUR 100 a fhaigheann an saoránach mar thuarastal cuirtear EUR 50 chuig na húdaráis chánach. As na EUR 50 a thógtar ó na cáiníocóirí Eorpacha, ní théann ach euro amháin chuig buiséad an Aontais Eorpaigh. Fanann an chuid eile sna Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Más “Eoraip sheang” atá uait, mar atá ó mo chairde sa Bhaváir - ní mór a mheabhrú nach dtéann chuig buiséad an Aontais ach euro amháin as gach 50. Níl mórán eile is féidir a dhéanamh ar bhonn níos seinge.

Ní 2 % d'olltáirgeacht an Aontais atá i gceist agam - ach 1.1x%. Sin í an chúis a bhfuilim ag troid ar a son. Thug mé cuairt ar go leor príomhchathracha chun an cás a chosaint agus tá mé ar mo dhícheall ag cur an cháis ina luí ar dhaoine agus déanfaidh mé sin arís i mí na Bealtaine nuair a chuirfimid isteach an togra go foirmiúil.

(Líne bhuiséid don limistéar euro i mBuiséad an Aontais)

Tá roinnt plé déanta ar bhuiséad don limistéar euro. Sin tuairim a tháinig chun cinn in 2011. B'iomchuí mar thuairim í ag an am, b'fhéidir, ach tá sé as dáta anois. In 2011 bhí 17 mBallstát sa limistéar euro, as 28 mBallstát. Tá 19 mBallstát sa limistéar euro anois agus is gearr nach mbeidh ach 27 mBallstát ann. Agus tá dianmhachnamh á dhéanamh ag ár gcairde sa Bhulgáir agus ag cairde eile nach iad faoi dhul isteach sa limistéar euro. Ansin, nuair a imeoidh an Ríocht Aontaithe uainn 85% d'olltáirgeacht an Aontais a bheidh in olltáirgeacht intíre na 19 dtír sa limistéar euro. Ar cheart dúinn an 15 % eile a chur as an áireamh? Ní dóigh liom gur cheart. Sin é an fáth nach miste líne buiséid a bheith ann don limistéar euro agus nach bhfuil gá le buiséad ar leith don limistéar euro.

(Moladh Monti maidir le hAcmhainní Dílse agus moladh Oettinger maidir le cáin a ghearradh ar phlaisteach)

Bhí Grúpa Ardleibhéil Mario Monti ag féachaint le togra maidir le hacmhainní dílse a chur chun cinn. Táimid ag iarraidh teacht ar chinneadh faoi láthair faoin méid dá bhfuil molta acu a d'fhéadfaimis a chur sa togra seo againne. Sa Ghrúpa Ardleibhéil sin bhí triúr ionadaithe as an bParlaimint, triúr ionadaithe as an gCoimisiún agus triúr ionadaithe as an gComhairle. Agus tháinig siad ar chinneadh d'aon ghuth. Sin é an fáth arb é a bheidh sa Teachtaireacht uaim do na Ballstáit: Ná caithigí sa bhosca bruscair é gan bhur machnamh a dhéanamh air. Is d'aon ghuth a thángthas ar chomhaontú faoin méid seo. Ar na tuairimí atá faoi chaibidil againn tá cosaint na haeráide agus luaim é sin toisc gur cúram Eorpach é agus go bhfuil spriocanna cinnte leagtha amach ag an Aontas maidir le CO2 a laghdú. Labhraíomar d'aon ghuth i bPáras. Is beartas Eorpach é an Córas Trádála Astaíochtaí Eorpach. Is é an t-aon rud atá neamh-Eorpach gur isteach sna buiséid náisiúnta a théann an t-ioncam ón gCóras Trádála Astaíochtaí Eorpach. Is é mo thuairim go luífeadh sé le réasún an teacht isteach ónár mbeartas um an aeráid a chosaint, ón méid a aontaíodh i bPáras agus i Marrakech agus ón méid a dhéanaimid leis an gCóras Trádála Astaíochtaí Eorpach, an teacht isteach sin a chur isteach sa bhuiséad Eorpach.

Sampla eile. Beidh mórbheartas comhshaoil ann i dtaca le dramhaíl phlaisteach. Tá uiscí an domhain truaillithe toisc go bhfuil an iomarca den ábhar pacáistíochta agus den dramhaíl phlaisteach á caitheamh sna farraigí agus sna haigéin. Bhí margadh sa tSín don ábhar sin, margadh atá dúnta anois toisc nach bhfuil éileamh ar an ábhar sin mar ionchur a thuilleadh. San am atá caite rinne siad bréagáin d'ár n-ábhair phlaisteacha agus shintéiseacha.

“Dá bharr sin, caithfimid a fhiafraí dínn féin ar cheart cáin a ghearradh ar ár dtáirgí plaisteacha agus sintéiseacha.”

Is le hionstraim den chineál sin a d'fhéadfaí beartais an Aontais a threorú. Tá an méid seo á dhéanamh ag cuid de na Ballstáit cheana agus níl sé á dhéanamh ag an gcuid eile, rud a fhágann go bhfuil baol ann go mbeidh margadh ilroinnte ann. Agus ní mór dúinn cur chuige coiteann a fhorbairt i ndáil leis an margadh inmheánach d'earraí, d'iompórtálacha agus d'easpórtálacha san Eoraip. B'fhéidir gur deis a bheadh ann don Aontas ioncam nua a fháil.

(An mairfidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil 5 bliana nó 7 mbliana?)

Ní mór dúinn a chinneadh cá fhad ba cheart an Creat Airgeadais a bheith bailí? Cúig bliana nó 7 mbliana? Rinneamar na roghanna go léir a iniúchadh. Ar cheart dúinn síneadh dhá bhliain a chur leis toisc go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag imeacht agus go dtiocfaidh ardú ar an gcaiteachas? Is é seacht mbliana rogha na Comhairle ach b'fhearr leis an bParlaimint cúig bliana chun an timthriall airgeadais a ailíniú leis an timthriall daonlathach toisc gur tréimhse oifige cúig bliana a bhíonn ag an bParlaimint agus ag an gCoimisiún araon tar éis an tsaoil. Má bheartaíonn Coimisiún Juncker togra agus má bhíonn ar an gcéad Choimisiún eile déileáil leis nó má ghlacann an Pharlaimint atá ann cheana buiséad a mbeidh ar an gcéad Pharlaimint eile déanamh dá réir, ní cur chuige an-daonlathach a bheidh sa mhéid sin. Molaim dá bharr sin creat seacht mbliana a fhorbairt uair amháin eile agus ina dhiaidh sin creataí airgeadais cúig bliana i gcomhréir le timthriall daonlathach thréimhsí oifige na Parlaiminte agus an Choimisiúin. Dá gcruthófaí creat seacht mbliana an babhta seo, céim a bheadh ann i dtreo córas cúig bliana níos daonlathaí a fhorbairt feasta.

Anois cúpla focal faoi na lacáistí. Dá gcuirfimis deireadh le lacáiste na Breataine, nach lacáiste go dtí é, ní bheadh bun ná barr leis. Cuirimis deireadh le lacáistí! Laghdódh sé sin an rómhaorlathas agus is cinnte go molfaimid nach mbeidh lacáistí ann feasta faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua.

I dtaca leis an Galaxy mar a thugann an tUasal Arthuis air i.e. airgeadas an Aontais lasmuigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus de bhuiséad an Aontais. Tá an cheannasacht airgeadais ina fhreagracht ríthábhachtach ar Pharlaimint na hEorpa. Agus rud eile, ní miste a fhiafraí cé acu de na hionstraimí airgeadais atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais faoi láthair ba cheart a chomhtháthú sa bhuiséad. Is sampla suntasach é an Ciste Eorpach Forbraíochta.

Agus ciorruithe airgeadais á bplé againn ba cheart dúinn féachaint ar cheannteideal buiséadach 5 atá ann faoi láthair: foireann agus riarachán. Ní féidir an comhphlé a sheachaint i bhfírinne. I mo cháil mar Choimisinéir atá freagrach as an mbuiséad agus as an bhfoireann is é seo a iarraim oraibh: le cúig bliana anuas tháinig laghdú 5 % ar líon na foirne. Ach tá teorainn leis an méid is féidir a dhéanamh. Iarraim oraibh a chinntiú go mbeidh a dhóthain ball foirne ag an gCoimisiún chun beart a dhéanamh Nuair a rachaidh líon na mBallstát i laghad, b'fhéidir go mbeidh orainn líon na mball foirne a laghdú, ach lig dúinn leanúint ar aghaidh go ceann cúpla bliain ar bhonn foireann chobhsaí agus is ina dhiaidh sin, agus ina dhiaidh sin amháin, nuair a bheidh a fhios againn cá bhfuil ár triall, a dhéanfaimid laghduithe stuama iomchuí ar líon na mball foirne sa Choimisiún de bhrí nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina bhall den Aontas a thuilleadh.

(Amchlár tar éis dúinn an togra a chur isteach)

Pointe amháin eile. Cén t-amchlár a mholfainn chun an togra seo againn a ghlacadh? Caithimis súil siar. I Meitheamh 2011, chuir Uachtarán an Choimisiúin a thogra isteach ach níor tharla mórán ina dhiaidh sin. I mo cháil mar Phríomh-Aire in Baden-Württemberg na Gearmáine, bhí mé freagrach as an mbuiséad freisin. I mí Mheán Fómhair a chuirimis isteach ár mbuiséad don bhliain dar gcionn. San Aontas, cuirimid isteach é ag deireadh mhí Nollag breis agus bliain roimh an tréimhse lena mbaineann. Bhuel, is deacair a thuiscint cén fáth ar cheart an creat buiséadach a chur isteach chomh luath sin. Bheadh ciall leis sin ar ndóigh dá ndéanfaí an buiséad a phlé go luath agus gan é a chur ar an méar fhada. Tá deimhneacht dhlíthiúil agus airgeadais de dhíth ar ár gcomhpháirtithe. Is léir gur fíor an méid sin i dtaobh na gclár caiteachais go léir, i dtaobh Fís iar-2020, an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an bheartais um chomhtháthu. Is maith leis na páirtithe leasmhara eolas a fháil ar an staid ina mbeidh siad, agus ar mhéid na gciorruithe, a luaithe is féidir. Níor glacadh togra Choimisiún Barroso go dtí mí na Nollag 2013. Cén fáth? Ba mhaith liom an méid seo a rá go neamhbhalbh. Ní raibh sé ina thosaíocht ag an gComhairle, bhí toghcháin ar na bacáin sa Ghearmáin agus is ina ndiaidh sin a tugadh aghaidh ar an obair. Sin é an méid a nglacann daoine buiséad na hEorpa chucu féin. I gcead daoibh go léir, a dhaoine uaisle, ba mhaith liom a fhiafraí de na rialtais cathain a ghlacfaidh siad an buiséad Eorpach. An mbeidh siad ullamh chun dul i mbun a phléite i mí na Bealtaine 2018?

Tá an séú Creat Airgeadais Ilbhliantúil i bhfeidhm faoi láthair. Cuireadh tús leis an gcéad chreat i 1998. Níor chuir toghcháin Eorpacha stop leis an gcomhphlé buiséadach ach aon uair amháin. I 1999, cuireadh stop leis an mbuiséad ach ag an am sin ní raibh ról cinntitheach ag Parlaimint na hEorpa i gcúrsaí buiséadacha san Aontas. Ach níl aon dabht ach go bhfuil ról cinntitheach aici anois. Dá bhrí sin tá dhá fhéidearthacht ann. Uimhir a haon, d'fhéadfaí buiséad a chur isteach agus féachaint cad a tharlódh. Is é is dóichí a tharlódh ansin feachtas toghchánaíochta ina mbeadh dhá phríomhchineál iarrthóra, iarrthóir amháin a gheallfadh "Útóipe ina mbeidh níos mó airgid" agus iarrthóir eile a gheallfadh "caiteachas a laghdú agus a laghad is féidir a thabhairt don Bhruiséil". Ní deacair a mheas cé acu is mealltaí agus an méid a tharlóidh a thuar. Nuair a rachaidh an Pharlaimint i mbun oifige agus nuair a thabharfaidh sí éisteacht do na 27 gCoimisinéir uile, agus nuair a bheidh Coimisiún nua ar bun, ní mór athrú a dhéanamh ar chuid dár dtograí agus is ag an bpointe sin nach mór don Choimisiún togra nua a chur isteach. Agus an mbeimid sa drochstaid chéanna arís i Nollaig 2020 agus gan aon chiall cheannaithe againn?

Sin é an fáth go bhfuilim i bhfabhar an dea-rialachais: Cuirfimid an buiséad isteach i mí na Bealtaine agus iarrfaimid ar uachtaránacht na Bulgáire agus ar ár gcairde san Ostair agus sa Rómáin aghaidh a thabhairt air gan mhoill agus é a chur faoi bhráid na Comhairle san in am agus i dtráth. Má théann siad i mbun comhphlé i mí Feabhra agus má dhéanann siad tosaíocht de tá súil agam go mbeimid in ann an chaibidlíocht a thabhairt chun críche in Sibiu i mí na Bealtaine 2019. Dá dtabharfaimis an méid sin chun críche is é seo a bheimis a fhógairt don saol mór: go bhfuil an Eoraip in ann beart a dhéanamh agus cinneadh a dhéanamh d'aon toil.

Seo iad na príomhtheachtaireachtaí más ea: Slándáil, neart eacnamaíoch, iomaíochas, dlúthpháirtíocht agus inbhuanaitheacht. Ní chaithfimid airgead ach amháin más léir go dtiocfaidh breisluach as. Agus is leis an meon sin a iarraimid ar na Ballstáit airgead a thabhairt dúinn: chun beartais a bhfuil breisluach Eorpach ag baint leo a chur chun feidhme.